Eibhlís Tóibín Bean de Paor

Rugadh agus thógadh Eibhlís Tóibín Bean de Paor i mBaile Uí Raghallaigh sa Rinn ua gCuanach. Phós sí go dtí an Sean Phobal sa bhliain 1954 nuair a phós sí Muiris de Paor ó Bharr na Stuac agus is ann atá cónaí inniu uirthi. Bhí ceathrar clainne orthu, beirt mhac agus beirt iníonacha – Muiris, Máire, Seamus agus Maighréad. Tá cáil ar Eibhlís fud fad na tíre as feabhas a cuid amhránaíochta. Deir sí gur dh’fhoghlaim sí a cuid amhrán óna hathair, Seamus, agus ón oide scoile a bhí aici, Pilib Ó Foghludha. Deartháir léi ba ea an t-amhránaí mórchlúiteach Nioclás Tóibín a bhain ana-cháil amach i gcomórtaísí an Oireachtais sna 1960í.

Eibhlís Tóibín Bean de Paor

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design