Baile Uí Gháigín (Leagan 1)

Tá Baile Uí Gháigín go bráth fé mhairg
As diaidh mo scafaire breá deas ;
Gach n-aon a ghabhadh a’ tslí is chun a thí do bhíodh a thaisteal,
‘S gheibhidíst iostas mí nó ráithe.
Nuair a chuirtheá ort do phíob, a shíol na sagart,
Nach cliste a dh’imireóthá an Hárman1;
I bhFlaitheas Geal Chríost, i measc na laoch atá do leaba
‘S go deimhin chuir Peadar romhat fáilte.

A mhic Thomáis na gceann, guím lom ort is deacair ,
Leá’ agus leathadh ar do shláinte ;
In Ifreann go rabhair mar gheall ar do pheaca,
Ag an diabhal go raibh t’anam is garda air.
Ar nós coipeadh na habhann go rabhair lag marbh,
I measc tintreacha2 ar feadh mí báite,
Mar gur dhearbhaís an fear gur bhun ós cionn an Croppy –
An Paorach nárbh fhuirist é a cháineadh.

Níor chreid mé riamh is níor ghéilleas a chuigint
Gur traochadh poic ná táinte,
Mar gurb é Éamonn Óg Paor an séimhfhear cumann
De shíol is de shliocht na sárfhear.
Ach deirimse féin an méid seo anois
Gur san aol a chuireadh a chná’na’3
‘S ní dh’iarrfainn dh’fhaid saoil acht a cheann méith dh’fháilt scriosta
Dhen tréatúir a dhein an t-informing.

Eireoidh mé féineach go moch ar maidin
‘S raghad ‘dtí’n Chlais ar saothar,
Nó go Gleann na hUidhre mar a mbíonn na fearaibh
Is an chuaichín i mbarraí na ngéag ann.
Ní airím greann ag mnáibh ná ag fearaibh
Ach iad súd ag crochadh4 a chéile,
‘S is gairid uait an t-am go ragham araon abhaile
Go Teampall Geal na nDéise.

  1. Nótaí as comhrá le hÁine féin: “an ‘Hárman’ a deirim, ach is ‘Járman’, nó ‘Gárman’ é, tagairt do phort rince ón nGearmáin a tháinig chugainn go luath sna 1700aí, de réir mar a thuigim”.
  2. ’Sé sin ‘tinte’
  3. Leagan Déiseach den bhfocal, ’sé sin ‘a chnámhanna’
  4. ’Sé sin, iad ag scéitheadh ar a chéile

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design